Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Ceolchoirm Oscailte Sheachtain na Gaeilge 2022

Ceolchoirm Oscailte Sheachtain na Gaeilge 2022

 


De Luain 28 Feabhra 2022, Amharclann Ghaoth Dobhair, 7.30pm (saor in aisce)


Is í Caoimhe Ní Chathail, láithreoir raidió agus teilifíse, arb as Leitir Ceanainn ó dhúchas í, a sheolfaidh féile Sheachtain na Gaeilge 2022 san iarthuaisceart anocht in Amharclann Ghaoth Dobhair ag Ceolchoirm na Féile ar 7.30pm. Tá Caoimhe roghnaithe mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge don Iarthuaisceart don bhliain 2022.

 

Beidh siamsóirí agus ceoltóirí agus damhsóirí den scoth ag glacadh páirte ar an ardán ag an cheolchoirm anocht, atá oscailte don phobal agus saor in aisce. I measc na n-aíonna a chuirfidh siamsaíocht ar fáil beidh an grúpa ceoil as Gaoth Dobhair An Crann Óg, ceoltóirí eile An Brainse, an file Sam Ó Fearraigh, an t-amhránaí Gearóidín Bhreathnach, damhsóirí Frank agus Eileen Sweeney, agus réalta cheoil an chontae Mairéad Ní Mhaonaigh.

 


Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl in achan chuid den chontae, agus sna contaetha béal dorais i dTír Eoghain agus i nDoire, idir imeachtaí ar líne agus imeachtaí beo: mar shampla, ceol, scéalaíocht, ciorcail chomhrá, maidineacha caife, clubanna leabhar, comórtais ghrianghraf, taispeántais ealaíne agus taispeántas cócaireachta, tráth na gceisteanna, agus ranganna Gaeilge do dhaoine atá ag pilleadh ar an teanga. 


Tá clár na n-imeachtaí don iarthuaisceart le fáil thíos. Cuirfear nascanna chuig aon imeacht eile thíos faoi seo má fhaigheann an Chomhairle eolas faoi.

 

Clár Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge don Iarthuaisceart 2022